Maidir le CAT-GLD agus Treoirlínte lena nÚsáid

Is creat é an Uirlis Rochtana Curaclaim do Dhaltaí faoi Mhíchumas Ginearálta Foghlama (CAT-GLD) chun cabhrú le múinteoirí an curaclam a chur i bhfeidhm do dhaltaí a bhfuil míchumas ginearálta foghlama orthu mar a leagtar amach sna Treoirlínte do Mhúinteoirí Daltaí a bhfuil Míchumais Ghinearálta Foghlama orthu ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA).

Sa chéim seo, mar atá i dTreoirlínte NCCA do Mhúinteoirí Daltaí a bhfuil Míchumais Ghinearálta Foghlama orthu, cuirtear ábhar gach Réimse Curaclaim i láthair mar Shnáitheanna. Cuirtear gnéithe mionsonraithe roinnt Snáitheanna i láthair mar Shnáithaonaid.

Sonraítear Snáitheanna agus Snáithaonaid i scileanna aonair. Cuirtear Seicliosta Scileanna le gach scil aonair curaclaim de Threoirlínte an NCCA ar fáil san Uirlis Rochtana Curaclaim agus úsáidtear ordlathas de chéimeanna gnóthachtála scileanna (féach an rannán ‘Gnóthachtáil Dul Chun Cinn’).

Tá na Seicliostaí Scileanna seo saincheaptha chun tacú le múinteoirí riachtanais daltaí aonair a aithint, i ndáil le pleanáil curaclaim d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na riachtanais seo, i ndáil leis an teagasc go cuí, agus monatóireacht agus taifeadadh a dhéanamah ar na daltaí ag foghlaim.

Mar atá ráite in Uirlis Pleanála Curaclaim NCCA (GLD-Éadrom), is ionann na haidhmeanna agus na cuspóirí do dhaltaí a bhfuil Míchumais Ghinearálta Éadroma Foghlama orthu agus na croí-aidhmeanna, cuspóirí leathana agus ábhar de Churaclam na Bunscoile. Mar sin, tógtar na Snáitheanna agus na Snáithaonaid atá leagtha amach sa CAT-GLD (Éadrom) ó Churaclam na Bunscoile. Tacaíonn na Treoirlínte do Mhúinteoirí Daltaí a bhfuil Míchumais Ghinearálta Éadroma orthu leis an múinteoir agus iad ag idirghabháil cuspóirí an churaclaim do na daltaí seo. Mar sin d’fhéadfadh sé a bheith úsáideach an CAT-GLD (Éadrom) a úsáid in éineacht leis na Treoirlínte do Dhaltaí faoi Mhíchumas Foghlama Ginearálta Éadrom.

Sa CAT-GLD, cuirtear Snáitheanna na dTreoirlínte do Mhúinteoirí ar Dhaltaí faoi Mhíchumas Foghlama Tromchúiseacha agus Doimhneachta i láthair freisin i bhformáid Seicliostaí Scileanna. Chun é seo a éascú, cuirtear na scileanna atá leagtha amach sa chuid ‘Tionscnamh’ de na Treoirlínte seo i láthair mar cheannteidil agus tá na gnéithe gaolmhara de na rannáin ‘Freastal’ agus ‘Freagartha’ san áireamh sna Seicliostaí Scileanna aonair. Ar mhaithe le héascaíocht, tá roinnt scileanna curtha le chéile mar aon.

Cliceáil anseo chun rochtain a fháil ar an CAT-GLD

Treoirlínte d’Úsáid

Is féidir le múinteoirí na Seicliostaí Scileanna a úsáid ar bhealaí éagsúla solúbtha mar chuid de na gnáthphróisis measúnaithe, taifeadta, pleanála agus teagaisc. Mar shampla, is féidir na seicliostaí a úsáid:

  • chun inniúlachtaí scileanna dalta a thaifeadadh i réimsí curaclaim ag pointe áirithe in am
  • mar threoir ar na scileanna agus na gnéithe de scileanna atá le measúnú mar chuid den phróiseas measúnaithe chun foghlama
  • mar thaifead reatha ar inniúlachtaí scileanna, ar ghnóthachtáil agus ar dhul chun cinn foghlama an dalta
  • mar fhoinse féinmhachnaimh an mhúinteora ó athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn foghlama a taifeadadh (féach an rannán ‘Machnamh don Mhúinteoir’)
  • mar eolas atá bunaithe ar fhianaise ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachtáil daltaí a d’fhéadfadh cur le próiseas na féinmheastóireachta scoile agus leis an bplean feabhsúcháin scoile.

Moltar na srianta seo a leanas a chur i bhfeidhm i ndail le húsáid na Seicliostaí Scileanna -:

  • níor cheart iad a úsáid go heisiach mar uirlis measúnaithe ná scartha ar leith ó phróisis mheasúnaithe eile ach oiread
  • níor chóir é a úsáid mar uirlis phleanála amháin nó chun spriocanna foghlama a leagan síos
  • níor cheart breathnú orthu mar thacar scileanna atá le múineadh ar bhealach seicheamhach, líneach agus níl a leagan amach deartha chun na críche seo.

Moltar freisin CAT-GLD a úsáid in éineacht le Treoirlínte an NCCA do Mhúinteoirí Daltaí a bhfuil Míchumais Ghinearálta Foghlama orthu.

Is féidir na treoirlínte nua agus athbhreithnithe seo a íoslódáil i bhformáid PDF ach cliceáil ar na naisc ábhair thíos. Teastaíonn Adobe®Reader uait chun na comhaid seo a oscailt.

Teideal
Leabhrán Forbhreathnaithe
Réamhrá ar na treoirlínte

Eolaíocht

Mata

Cumarsáid agus Teanga

Béarla

Oideachas Saoránach, Sóisialta agus Polaitiúil (OSSP)

Gaeilge

Tíreolaíocht

Stair

Múinteoir Eacnamaíocht Bhaile

Ceol

Corpoideachas

Oideachas Reiligiúnach

OSPS

Oideachas Teicneolaíochta

Na hAmharc-Ealaíona

Drámaíocht