Tá trí chineál soláthair ann chun freastal ar an raon riachtanas oideachais atá le fáil i measc daltaí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna.
Is iad seo:
- ranganna príomhshrutha i scoil phríomhshrutha
- ranganna speisialta i scoil phríomhshrutha
- scoileanna speisialta
Uaireanta déantar cur síos ar an raon soláthair seo mar chontanam (soláthar), ó ranganna príomhshrutha uilechuimsitheacha ag taobh amháin den chontanam, go socrúchán i scoil speisialta ag an gceann eile.
Aon áit a gcuirtear leanbh, ba chóir go mbeadh socrúcháin oideachais solúbtha. Ba chóir socrúcháin oideachais a athbhreithniú go tréimhsiúil de réir mar a athraíonn riachtanais an dalta.
Rang príomhshrutha i scoil phríomhshrutha
Rang príomhshrutha i mbunscoil nó iar-bhunscoil phríomhshrutha ina bhfuil príomhfhreagracht ar an múinteoir ranga nó ábhair as dul chun cinn gach dalta sa rang, daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu san áireamh.
Is féidir tacaíocht teagaisc bhreise ó mhúinteoir oideachais speisialta a sholáthar do leanbh bunaithe ar a riachtanais. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais.
Leithdháiltear cúntóirí riachtanas speisialta (CRS) ar scoileanna chun oibriú le leanaí a bhfuil sainriachtanais chúraim acu. Soláthraíonn siad tacaíocht cúraim neamh-mhúinteoireachta. Tugann CRS tacaíocht do dhaltaí a bhfuil riachtanais chúraim acu de bharr míchumas, deacrachtaí iompair nó saincheist shuntasach leighis.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar na tacaíochtaí atá ar fáil do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu sa phríomhshruth is féidir leat dul i dteagmháil le d’ERSO trí chliceáil anseo.