Fúinn

An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE)

Bunaíodh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí oideachais do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu de bharr míchumais agus béim ar leith ar leanaí. Bunaíodh an Chomhairle ar dtús mar chomhlacht reachtúil neamhspleách le hordú ón Aire Oideachais agus Eolaíochta i mí na Nollag 2003.

Cuirtear ár seirbhís áitiúil ar fáil trínár líonra náisiúnta Eagraithe Riachtanas Speisialta Oideachais (SENOnna) a idirghníomhaíonn le tuismitheoirí agus le scoileanna agus a dhéanann idirchaidreamh le FSS chun acmhainní a sholáthar chun tacú le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Iarratais ar Thacaíocht

Gnóthachtáil mhór sa réimse seo is ea deireadh a chur leis an riaráiste iarratas ar thacaíocht a bhí ann nuair a bunaíodh sinn den chéad uair. Déileálaimid anois le breis agus 20,000 iarratas in aghaidh na bliana agus seachadaimid cinntí do scoileanna. Agus acmhainní á gceadú do scoileanna, oibrímid laistigh de pharaiméadair bheartais na Roinne Oideachais agus Scileanna. Agus é sin á dhéanamh, áfach, labhraíonn ár SENOanna le scoileanna, le tuismitheoirí, le soláthraithe FSS agus le daoine gairmiúla eile sula ndéanann siad cinntí lena chinntiú gurb é an cinneadh a dhéantar an ceann is fearr a oireann don dalta aonair.

Comhordú tacaíochtaí seirbhísí Oideachais agus Sláinte

Príomhaidhm de chuid na Comhairle is ea an comhordú idir na hearnálacha oideachais agus sláinte a fheabhsú de réir a chéile maidir le tacaíochtaí a sholáthar do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Táimid ag déanamh seo trí rannpháirtíocht sa Ghrúpa Tras-Earnála Oideachais/Sláinte a chuimsíonn ionadaíocht ón Roinn Oideachais agus Scileanna, ón Roinn Sláinte agus Leanaí agus ó FSS ag an leibhéal náisiúnta agus trí idirghníomhú le FSS agus a soláthraithe seirbhíse ag an leibhéal áitiúil.

Taighde agus Comhairle Beartais

Tá clár suntasach taighde ar bun againn anois agus tá roinnt tuarascálacha ón gcéad cheann dár dtionscadail fhoilsithe ar an suíomh Gréasáin seo. Cabhróidh an taighde seo le heolas a chur ar an gcleachtas is fearr i réimse an oideachais speisialta agus cuirfidh sé bonn ar fáil chun comhairle beartais a fhorbairt de réir mar is cuí. Cliceáil anseo chun an rannán Taighde ar ár suíomh gréasáin a fheiceáil.

An Todhchaí

Cuirfear síneadh suntasach le sainchúram na Comhairle de réir mar a chuirfear tús le hAcht EPSEN 2004. Cé go bhfuil tús curtha le hailt áirithe den Acht, tá feidhmiú na bpríomhalt a thugann cearta reachtúla do mheasúnú, pleananna oideachais agus próisis achomhairc do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu curtha siar mar gheall ar na cúinsí eacnamaíocha reatha. Leanfaidh an Chomhairle, áfach, ag obair i dtreo uaillmhianta an Achta a bhaint amach ar gach bealach is féidir, go dtí go gcuirfear i bhfeidhm é.