Difreáil Eolaíochta i nGníomh: Straitéisí Praiticiúla chun Foghlaim agus Teagasc san Eolaíocht a Chur in Oiriúint do Dhaltaí a bhfuil Riachtanais agus Ábaltachtaí Éagsúla acu’
Áiríonn an pacáiste acmhainní seo, ar seoladh dhá chóip de chuig gach iar-bhunscoil roimhe seo, bileoga oibre, gníomhaíochtaí agus smaointe is féidir le múinteoirí a úsáid go díreach sa seomra ranga. Áirítear raon leathan de thopaicí eolaíochta an teastais shóisearaigh. Cuimsíonn an acmhainn seo freisin CD de thráth na gceist idirghníomhach agus láithreoireachtaí PowerPoint.
Seo thíos na codanna go léir den fhoilseachán atá roinnte suas i ndoiciméid PDF ar leithligh is féidir a íoslódáil.