Bunaíodh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí oideachais do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu de bharr míchumais.
Bunaíodh an Chomhairle ar dtús mar chomhlacht reachtúil neamhspleách le hordú ón Aire Oideachais agus Eolaíochta i mí na Nollag 2003.
Tá sé mar aidhm ag an NCSE tacú le córas cuimsitheach oideachais a chuireann ar chumas daltaí agus daoine fásta a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a lánacmhainneacht a bhaint amach.
Feidhmíonn an NCSE ar bhonn réigiúnach. Tá cúig fhoireann réigiúnacha againn. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais.
Oibríonn ERSO laistigh de limistéir thíreolaíocha. Tá ERSO sannta do gach scoil. Is féidir leat d’ERSO a aimsiú ach dul i dteagmháil linn:
Is baill foirne tacaíochta fásta breise scoilbhunaithe iad Cúntóirí Riachtanas Speisialta (RSO) ar féidir leo cabhrú le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a bhfuil riachtanais chúraim bhreise agus shuntasacha acu freisin. Cuirtear a leithéid de thacaíocht ar fáil chun freastal ar na daltaí sin ar scoil a éascú agus freisin chun cur isteach ar an rang nó ar am teagaisc na ndaltaí atá i gceist, nó dá bpiaraí, a laghdú agus d’fhonn a scileanna maireachtála neamhspleách a fhorbairt.
Cuirtear CRS ar fáil do scoileanna ar bhonn phróifíl fhoriomlán an riachtanais. Earcaíonn scoileanna CRS agus tá siad freagrach as tacaíocht CRS a imscaradh ar dhaltaí aonair. Is féidir le scoileanna iarratas a dhéanamh chuig an NCSE le haghaidh athbhreithniú ar a leithdháileadh CRS. Chun tuilleadh eolais a fháil cliceáil anseo.
Cliceáil anseo chun féachaint ar ár leabhrán eolais do thuismitheoirí Leanaí agus Daoine Óga a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu (NCSE 2019).
Múinteoirí oideachais speisialta a leithdháileadh ar scoileanna
Faigheann scoileanna leithdháileadh amháin uaireanta Múinteoirí Oideachais Speisialta (SET). Cinneann méid na scoile agus a próifíl oideachais líon na múinteoirí oideachais speisialta a leithdháiltear ar scoil.
Tá tuilleadh eolais le fáil i gCiorclán na Roinne Oideachais 0013/2017 (Bunscoil), 0014/2017 (Iarbhunscoil) agus 0002/2024 (Bunscoil) agus 003/2024 (Iarbhunscoil).
Úsáideann an scoil tacaíochtaí trí SET trí riachtanais foghlama dalta a chur san áireamh. Níl rochtain ar SET bunaithe a thuilleadh ar dhiagnóis faoi mhíchumas ar leith. Is féidir an teagasc breise a chur ar fáil sa seomra ranga nó i ngrúpaí beaga ar leith. D’fhéadfadh go mbeadh teagasc duine-le-duine breise ag teastáil ó roinnt daltaí ar feadh tréimhse sonraithe.
Treoirlínte do bhunscoileanna a thacaíonn le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais.
Cuireann an Roinn Oideachais seirbhísí iompair scoile ar fáil do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Feidhmíonn Bus Éireann (oibreoir iompair phoiblí an Stáit) an tseirbhís iompair scoile thar ceann na Roinne.
Baineann an Scéim Iompar Scoile le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu atá aitheanta ag an Roinn Oideachais. Ní mór don dalta a bheith ag freastal ar an rang speisialta aitheanta nó ar an scoil speisialta is gaire a bhfuil acmhainní aici chun freastal ar a riachtanas speisialta oideachais.
Déantar iarratas ar iompar tríd an scoil ina bhfuil an dalta ag clarú/cláraithe. Ansin cuireann an scoil an t-iarratas chuig an ERSO áitiúil lena phróiseáil.
Próiseálann an ERSO an t-iarratas chun a chinneadh an gcomhlíonann sé critéir na Roinne Oideachais don scéim seo. Cuireann an ERSO an fhoirm chuig an Roinn Oideachais ansin.
Faomhann an Roinn Oideachais iarratais ar iompar scoile agus déanann Bus Éireann measúnú ar na roghanna atá ar fáil.
Soláthar Coimhdeachta
Mar chuid den iarratas iompair féadfaidh an ERSO coimhdeacht a mholadh le dul in éineacht le dalta, má bhíonn an tacaíocht sin de dhíth ar riachtanais chúraim agus sábháilteachta an dalta.
Déantar iarratas ar Theicneolaíocht Chúnta trí bhainistíocht scoile an dalta. Ní mór measúnú le déanaí ó ghairmí ábhartha a shonraíonn cineál agus méid mhíchumais an dalta agus an trealamh is oiriúnaí dá riachtanais a chur leis an iarratas. Cuireann an scoil an t-iarratas chuig an ERSO áitiúil ansin.
Próiseálann an ERSO an t-iarratas chun a chinneadh an gcomhlíonann sé critéir na Roinne Oideachais don scéim seo. Cuireann an ERSO an fhoirm chuig an Roinn Oideachais ansin.
Faomhann an Roinn iarratais ar theicneolaíocht chúnta agus cuireann an scoil an toradh ar an eolas.
Cliceáil anseo chun sonraí teagmhála do Mhúinteora Cuartaíochta áitiúil a fháil.
Soláthraíonn FSS tacaíochtaí bunaithe ar shláinte trína seirbhísí líonra míchumais áitiúil.
Cuireann an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) tacaíochtaí síceolaíochta ar fáil do scoileanna.
Tá an creat Contanam Tacaíochta deartha chun cabhrú le scoileanna riachtanais na daltaí a aithint agus freagairt dóibh. Aithnítear sa chreat seo go dtarlaíonn riachtanais speisialta oideachais feadh chontanam, ó éadrom go trom, agus ó neamhbhuan go fadtéarmach, agus go dteastaíonn leibhéil éagsúla tacaíochta ó dhaltaí ag brath ar a gcuid riachtanas aitheanta oideachais. Le haghaidh tuilleadh eolais cliceáil anseo.
Is treoirthionscadal é an tsamhail chuimsithe scoile i seachtó cúig scoil i gCill Dara, i gCill Mhantáin agus i mBaile Átha Cliath Theas. Is í aidhm an tionscadail ná cumas na scoile a thógáil chun gach dalta, lena n-áirítear daltaí a bhfuil riachtanais bhreise acu, a chuimsiú i saol na scoile. Déantar é seo trí raon tacaíochtaí oideachais, síceolaíochta agus sláinte a sholáthar do scoileanna agus do dhaltaí, chomh maith le tacaíochtaí FSS. Áirítear ar na tacaíochtaí Teiripe Shaothair scoilbhunaithe, Teiripe Urlabhra agus Teanga agus tacaíocht ó Chleachtóirí Iompraíochta.