Is baill foirne tacaíochta fásta breise scoilbhunaithe iad Cúntóirí Riachtanas Speisialta (SNA) ar féidir leo cabhrú le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a bhfuil riachtanais chúraim bhreise agus shuntasacha acu freisin. Cuirtear a leithéid de thacaíocht ar fáil chun na daltaí sin a chumasú le freastal ar scoil, chun an cur isteach a dhéantar ar an rang nó ar am teagaisc na ndaltaí, nó a bpiaraí, a íoslaghdú, agus chun a scileanna maireachtála neamhspleách a fhorbairt freisin. Cuirtear CRS ar fáil do scoileanna de réir phróifíl fhoriomlán an riachtanais. Déanann scoileanna CRSanna a earcú agus tá siad freagrach as tacaíocht CRS a imscaradh ar dhaltaí aonair.