Saoráil Faisnéise (FOI) – Rochtain ar Fhaisnéis

Saoráil Faisnéise

Tháinig an tAcht nua um Shaoráil Faisnéise 2014 i bhfeidhm ar an 14 Deireadh Fómhair 2014. Tá an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) faoi réir an Achta.

Dearbhaíonn na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise an ceart atá ag baill den phobal rochtain a fháil ar eolas oifigiúil a mhéid is féidir i gcomhréir le leas an phobail agus le ceart chun príobháideachta daoine aonair.

Forálann an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 go bhfuil na cearta dlíthiúla seo a leanas ag gach duine:

  • an ceart rochtain a fháil ar thaifid oifigiúla atá i seilbh Ranna Rialtais agus gach comhlacht poiblí a chloíonn le forálacha Alt 6 den Acht;
  • an ceart eolas phearsanta a choimeádtar fúthu a cheartú nó a nuashonrú i gcás ina bhfuil an eolas sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach; agus
  • an ceart cúiseanna a fháil le cinntí a dhéanann comhlachtaí poiblí a mbíonn tionchar acu orthu.

Is féidir teacht ar Scéim Foilseacháin um Shaoráil Faisnéise NCSEnna anseo

Conas a oibríonn FOI?

Ceanglaíonn an tAcht ar chomhlachtaí poiblí freagra a thabhairt ar iarratais ón bpobal ar eolas atá ina seilbh. I bhformhór na gcásanna, ní mór do chomhlachtaí poiblí a gcinneadh ar iarratas a thabhairt laistigh de 4 seachtaine tar éis dóibh é a fháil.

Conas is féidir liom Iarratas FOI a dhéanamh chuig an NCSE?

Ba cheart duit iarratas a sheoladh, i scríbhinn nó trí ríomhphost, chuig an

Oifigeach um Shaoráil Faisnéise
An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta
1-2 Sráid an Mhuilinn
Baile Átha Troim
Co. An Mhí

Ríomhphost foi@ncse.ie

 

Cad ba cheart a bheith san áireamh i m’iarratas?

  • Ráiteas go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise;
  • An oiread eolais agus is féidir faoi na taifid atá á lorg chun cur ar chumas an NCSE na taifid a theastaíonn uait a shainaithint agus an fráma ama a bhaineann le d’iarratas;
  • Cuir uimhir theileafóin nó seoladh ríomhphoist agus do sheoladh poist san áireamh; cabhróidh sé seo má theastaíonn ón NCSE teagmháil a dhéanamh leat
  • Cén fhormáid inar mian leat aon taifid a scaoiltear a fháil (m.sh. fótachóipeanna)
  • Nuair a bheidh eolas phearsanta á lorg agat, beidh ort d’aitheantas a chruthú agus iarrfar ort cóip de do Cheadúnas Tiomána, Pas nó cineál aitheantais eile a sholáthar. Cuir cóip den chéannacht seo isteach mar aon le haon iarratais ar eolas phearsanta maidir le FOI.

Admhóidh an NCSE i scríbhinn go bhfuarthas d’iarratas laistigh de 10 lá oibre. Tabharfaidh an litir admhála freisin ainm agus sonraí teagmhála an duine a bheidh ag déanamh an chinnidh maidir le d’iarratas agus cuirfear in iúl duit cathain is féidir leat a bheith ag súil leis an gcinneadh seo.

An ngearrtar táille as eolas a fháil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise?

Níl aon táille ar iarratas a chur isteach. Maidir le hiarratais neamhphearsanta, féadfar táillí eile a ghearradh ar an am a chaitear ag lorg taifead agus ar aon chostais atáirgeadh a thabhaítear chun an t-ábhar a iarradh a sholáthar duit (táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála).

Cad a tharlóidh mura bhfuilim sásta leis an gcinneadh ar m’iarratas FOI?

Is féidir leat achomharc a dhéanamh i scríbhinn chuig Saoráil Faisnéise, NCSE, 1-2 Sráid an Mhuilinn, Baile Átha Troim, Co. na Mí ag lorg Athbhreithniú Inmheánach ar an ábhar. Féadfaidh táille €30 (€10 do shealbhóirí cárta leighis) iarratas a dhéanamh ar achomharc dá leithéid. Ní ghearrtar aon táille ar iarratais ar athbhreithniú inmheánach a bhaineann le eolas phearsanta a bhaineann leo féin amháin nó maidir le cinneadh táille nó éarlais a ghearradh.

Ba cheart duit d’achomharc a dhéanamh laistigh de 4 seachtaine ón dáta freagartha (cé go bhféadfaí achomhairc dhéanacha a cheadú i gcúinsí áirithe). Áireoidh an t-achomharc athmhachnamh iomlán ar an ábhar ag ball foirne níos sinsearaí den NCSE agus cuirfear cinneadh in iúl duit laistigh de 3 seachtaine.

Cad a tharlóidh mura bhfuilim sásta leis an gcinneadh ar athbhreithniú inmheánach?

Féadfaidh tú an cinneadh a achomharc laistigh de shé mhí trí scríobh chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise. Déanfaidh an Coimisinéir Faisnéise an t-ábhar a fhiosrú agus a bhreithniú go hiomlán agus eiseoidh sé cinneadh nua. Ba cheart gach achomharc a sheoladh chuig:

An Coimisinéir Faisnéise,
18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353 (1) 639 5689
Glao áitiúil: 1890 22 30 30
Facs: +353 (1) 639 5674

R-phost: info@oic.ie

 

An bhfuil táille i gceist?

Féadfaidh táille €50 (€15 do shealbhóirí cárta leighis) cur isteach ar iarratas dá leithéid. Arís, níl aon táille ar achomharc chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise a bhaineann le heolas phearsanta a bhaineann leis féin amháin nó maidir le cinneadh táille nó éarlais a ghearradh.

 

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais ar FOI?

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Shaoráil Faisnéise lena n-áirítear téacs na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise, tabhair cuairt ar www.foi.gov.ie

 **************************************

Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol

Tá an NCSE faoi réir na rialachán a rialaíonn iarratais ar rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol freisin. Más mian leat iarratas a dhéanamh faoi na rialacháin seo, is féidir leat d’iarratas a sheoladh

an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta
1-2 Sráid an Mhuilinn
Baile Átha Troim
Co. na Mí

Ríomhphost foi@ncse.ie

 

Tá tuilleadh eolais maidir leis na riachtanais chun iarratas a dhéanamh ar fáil anseo:

http://www.environ.ie/en/Environment/AccesstoInformationontheEnvironment/

IR 133 de 2007 Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol – Treoirlínte Oifigiúla

IR 133 de 2007 Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol