Tuarascáil ar Riachtanais Oideachais chun críche an Achta um Measúnú ar Riachtanais Míchumais 2005

Déantar foráil don phróiseas Measúnathe Riachtanas faoin Acht um Míchumas 2005 agus is próiseas é atá faoi shainchúram Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

Tá gach páiste/duine óg a rugadh ar, nó tar éis 1 Meitheamh 2002, agus a bhfuil amhras ann go bhfuil míchumas orthu, i dteideal iarratas a dhéanamh chuig an FSS ar MAR faoin Acht um Míchumas (2005). Má thagann Oifigeach Measúnaithe FSS ar an tuairim go dteastaíonn measúnú ar riachtanais oideachais ó páiste nó duine óg mar chuid de Phróiseas Measúnaithe Riachtanas FSS, beidh sé/sí ag fáil i dteagmháil leis an CNOS.

Éilíonn sé seo ar an CNOS duine cuí a ainmniú a chomhlánóidh Tuarascáil ar Riachtanais Oideachais. Is tríd an CNOS a dhéanfar an chuid seo den phróiseas.

De bhun imeachtaí Ard-Chúirte le déanaí, tá athrú tagtha ar an bpróiseas measúnaithe ar riachtanais oideachais, mar chuid de phróiseas MAR Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).

D’oibrigh an CNOS leis an Roinn Oideachais (RO) agus FSS chun teacht ar chomhaontú ar an bpróiseas athbhreithnithe.

Bhí an próiseas athbhreithnithe faoi réir comhairliúcháin le comhlachtaí bainistíochta.

Mar thoradh air sin, tá Tuarascáil CNOS ar Riachtanais Oideachais agus an Nóta Treorach do Scoileanna nuashonraithe.

Foilsíodh Ciorclán na Roinne Oideachais 0025/2024, maidir leis an bpróiseas athbhreithnithe, Dé Luain 15 Aibreán 2024.

Má theastaíonn tacaíocht bhreise ó scoil chun Tuarascáil CNOS ar Riachtanais Oideachais a chomhlánú chun críche MAR, tá Foireann MAR an CNOS ar fáil chun tacú le scoileanna de réir mar is gá tríd an bpróiseas seo:

  • Tacaíocht thiomanta ríomhphoist ón CNOS – aon@ncse.ie
  • Tacaíocht ó fhoireann MAR an CNOS ar ár líne teileafóin tiomnaithe – 01 603 3456
  • Tacaíocht Chomhairleora ar iarratas ar an líne teileafóin, agus más gá tacaíocht fhíorúil agus/nó tacaíocht scoile
  • Doiciméad CCanna a nuashonrófar go rialta

Nóta Treorach do Scoileanna

Nóta Treorach do Scoileanna

Tuarascáil ar Riachtanais Oideachais

Foirm Tuairisce ar Riachtanais Oideachais – Sampla

Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta