Tá an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015 saincheaptha d’fhonn faisnéis a chur ar fáil don phobal faoi cé atá ag déanamh brústocaireachta, agus faoin a bhfuil sé sin á dhéanamh acu. Tá clár brústocaireachta ar líne bunaithe ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ag www.lobbying.ie. Is féidir tuilleadh faisnéise faoin Acht a fháil ar an suíomh gréasáin seo.
Oifigigh Phoiblí Ainmnithe
Le hAlt 6(4) den Acht, ceanglaítear ar gach comhlacht poiblí liosta d’oifigigh phoiblí ainmnithe an chomhlachta a fhoilsiú. Tá dhá aidhm leis an liosta:
Is iad seo a leanas Oifigigh Phoiblí Ainmnithe (OPO) laistigh den Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta:
John Kearney, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta
Tá ceapachán agus ról POF an NCSE forordaithe faoi Alt 24 den Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu, 2004. Déanfaidh an POF foireann, riarachán agus gnó na Comhairle a bhainistiú agus a rialú i gcoitinne, agus comhlíonfaidh sé nó sí cibé feidhmeanna eile a thabharfaidh an Chomhairle dó nó di.
Grúpaí Oibre a fheidhmíonn faoin gCód Trédhearcachta
Éilítear leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil go bhfoilseofar faisnéis a bhaineann le haon Ghrúpaí Oibre atá ag feidhmiú faoin gCód Trédhearcachta freisin. Maidir le grúpaí dá leithéid, ar a dtugtar “comhlachtaí iomchuí” cáilíonn siad do chumarsáidí díolmhaithe faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil agus ní mór dóibh a ngníomhaíochtaí a sheoladh de réir na gcritéar atá leagtha amach sa Chód Trédhearcachta. Ní mór sraith fhaisnéise a bhaineann le hobair an ghrúpa a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na gníomhaireachta.
Níl aon Ghrúpa Oibre á fheidhmiú ag an NCSE faoi láthair.