Maidir leis an soláthar tacaíochtaí oideachais breise do scoileanna a chláraíonn daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu de réir bheartas na Roinne Oideachais, déanaimid é a phleanáil, a chomhordú agus a athbhreithniú.
Tugann ERSO tacaíocht do thuismitheoirí agus caomhnóirí trí eolais a sholáthar, ranganna speisialta a bhunú agus dul i dteagmháil le daoine gairmiúla eile a oibríonn le do leanbh.
Tugann ERSO comhairle agus tacaíocht do thuismitheoirí maidir le soláthar ranganna speisialta, scoileanna speisialta agus tacaíochtaí oideachais eile.
Déanann ERSOnna iarratais um Iompar agus Teicneolaíocht Chúnta a phróiseáil agus a chur ar aghaidh chuig an Roinn Oideachais iad lena gceadú.
Cuireann ERSOnna comhairle agus leideanna úsáideacha ar fáil do thuismitheoirí maidir leis an aistriú ón réamhscoil go dtí an scoil ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil agus chuig na seirbhísí do dhaoine fásta. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais.
Oibríonn ERSO laistigh de limistéir thíreolaíocha. Tá ERSO sannta do gach scoil.
Is féidir leat d’ERSO a aimsiú ach dul i dteagmháil linn: