Soláthraíonn múinteoirí oideachais speisialta teagasc breise do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ar bhealaí éagsúla lena n-áirítear:
- riachtanais agus dul chun cinn an linbh a mheas agus a thaifeadadh
- spriocanna sainiúla a bhaineann le ham a leagan síos do gach páiste agus iad a chomhaontú leis an múinteoir ranga agus leis an bpríomhoide
- na leanaí a mhúnadh, bíodh sé sin leis an gcuid eile den rang ina bhfuil an leanbh nó i seomra ar leith
- comhairle a chur ar mhúinteoirí ranga maidir le hidirdhealú a dhéanamh ar an gcuraclam de réir mar a oireann do pháistí éagsúla
- labhairt leis na tuismitheoirí agus comhairle a thabhairt dóibh, in éineacht leis an múinteoir ranga, de réir mar is gá
- teagmháil a dhéanamh le daoine gairmiúla eile ar nós síceolaithe, teiripeoirí urlabhra agus teanga, múinteoirí cuairte maidir le riachtanais speisialta oideachais linbh.