Beartas X

LOGO

Beartas X

Cé muid

Is sinne an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE). Is féidir leat muid a fháil ag @ncseirl

Tacaímid le córas oideachais cuimsitheach a chuireann ar chumas daltaí agus daoine fásta a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a lánacmhainneacht a bhaint amach.

Tá cúig chroíluach againn:

  1. Dalta-lárnaithe: tá daltaí agus daoine fásta a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i gcroílár a ndéanaimid.
  1. Cothromas agus dírithe ar chomhionannas: leithdháileamar acmhainní breise go cothrom ar scoileanna de réir riachtanais na daltaí chun oideachas cuí a fháil.
  1. Ar bhonn fianaise: bunaítear comhairle bheartais ar fhianaise taighde, dea-chleachtas náisiúnta agus idirnáisiúnta, comhairliúchán lenár bpáirtithe leasmhara agus saineolas.
  1. Faoi stiúir na saineolaithe: is saineolaithe sinn ar a ndéanaimid agus is foinse luachmhar eolais, treorach agus tacaíochta sinn.
  1. Dírithe ar chomhairliúchán: déanaimid comhairliúchán rialta agus fairsing lenár bpáirtithe leasmhara.

Cad a dhéanaimid:

  1. Déanaimid pleanáil, comhordú agus athbhreithniú ar sholáthar tacaíochtaí oideachais breise do scoileanna a chláraíonn daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu de réir bheartas na Roinne Oideachais agus Scileanna (ROS).
  1. Cuirimid comhairle shaineolach, neamhspleách, bunaithe ar fhianaise ar oideachas speisialta do dhaltaí agus do dhaoine fásta óga ar fáil don Aire Oideachais agus Scileanna.
  1. Déanaimid taighde a choimisiúnú, a sheoladh agus a roinnt ar chleachtas náisiúnta agus idirnáisiúnta ar gach gné den oideachas speisialta.
  1. Déanaimid athbhreithniú agus comhairle ar na roghanna leanúnacha atá ar fáil sa bhreisoideachas agus san ardoideachas do dhaoine fásta a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
  1. Cuirimid eolas ar oideachas speisialta ar fáil do gach duine a dteastaíonn sé uathu.
  1. Déanaimid oiriúnú agus freagairt d’athrú agus ár gcroífheidhmeanna á gcoimeád againn.

Úsáid X agus freagraí

Bainimid úsáid as X mar uirlis chraolta amháin chun eolas a roinnt le daoine ar spéis leo riachtanais speisialta oideachais.

Ní úsáidimid X mar fhóram díospóireachta: ní dhéanaimid teagmháil le postálacha a sheoltar chugainn.

Ní mheastar gur dul i dteagmháil leis an NCSE chun críocha oifigiúla é teachtaireacht a sheoladh trí X. Is é an bealach is fearr chun fiosrúchán a chur in iúl don NCSE ná dul i dteagmháil leis an bpríomhoifig ag info@ncse.ie nó 046-9486400, nó trínár líonra d’Eagraithe Riachtanais Speisialta Oideachais (ERSO). Is féidir sonraí teagmhála ERSO a fháil anseo.

Ná cuir eolais phearsanta/phríobháideach fút féin nó faoi aon duine eile san áireamh má dhéanann tú postáil chugainn.

Coimeádaimid an ceart chun postálacha míchuí agus maslacha a bhlocáil agus a thuairisciú.

Déanfaimid postáil faoi

  • Eolas nua do thuismitheoirí agus do scoileanna
  • Naisc le tuarascálacha taighde, beartais nó treoirlínte nua
  • Imeachtaí, mar ár gcomhdháil taighde bhliantúil
  • Preasráiteas ar ghníomhaíochtaí NCSE
  • Foláirimh faoi ábhar nua ar ár láithréan gréasáin

Cé a leanaimid

Is é ár mbeartas gan ach ranna eile rialtais, gníomhaireachtaí, comhpháirtithe Eorpacha ábhartha, grúpaí abhcóideachta agus tuismitheoirí a leanúint. Mar sin féin, má leanann muidne, nó muid ag baint úsáide as haischlibeanna nó ag lua cuntais eile, ní thugann sé le tuiscint go bhfuil formhuiniú de chineál ar bith.

Bainistiú cuntas X agus infhaighteacht

Tá cuntas X an NCSE á oibriú ag an aonad Taighde agus Cumarsáide.

Seans nach mbeidh X ar fáil ó am go chéile ar chúiseanna nach bhfuil smacht againn orthu. Ní ghlacaimid aon fhreagracht as seo.

DEIREADH FÓMHAIR 2017