Tá na doiciméid seo a leanas chun treoir a sholáthar do scoileanna maidir le húsáid, eagrú agus imscaradh acmhainní teagaisc breise do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Cuirtear an treoir seo ar fáil i gcomhthéacs múnla athbhreithnithe chun acmhainní teagaisc oideachais speisialta a leithdháileadh a thug an Roinn Oideachais agus Scileanna isteach i Meán Fómhair 2017.
Chun a chinntiú go bhfuil fáil ar ábhar pleanála ó na treoirlínte agus go bhfuil sé réidh le húsáid do scoileanna, tá roinnt doiciméad/teimpléad á gcur ar fáil ag Seirbhís Tacaíochta an NCSE i bhformáid Word:
Tá foireann uirlisí in-íoslódáilte (i bhformáid Word) ullmhaithe ag Seirbhís Tacaíochta an NCSE chun tacú le cur i bhfeidhm na samhla nua:
Doiciméid úsáideacha eile:
Is uirlis idirghníomhach í Creatlach Oideachais Chuimsithigh an NCSE le húsáid ag scoileanna chun cabhrú le scoileanna pleanáil, tomhas agus feabhas a chur ar an gcaoi a dtacaítear le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Cabhróidh an acmhainn seo le dea-chleachtais chuimsitheacha atá i bhfeidhm cheana féin i go leor scoileanna a athdhearbhú agus tabharfaidh sé treoir do scoileanna eile dea-chleachtas a fhorbairt.
Eolas do Thuismitheoirí/Caomhnóirí agus Daltaí