Ranganna Speisialta

Do Cheannairí Scoile

Tá ranganna speisialta mar chuid de chontanam soláthair oideachais a chuireann ar chumas daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais níos casta acu oideachas a fháil, i ngrúpaí ranga níos lú, laistigh dá scoileanna príomhshrutha áitiúla. Cuireann siad timpeallacht thacúla foghlama ar fáil do dhaltaí nach bhfuil in ann rochtain a fháil ar an gcuraclam i rang príomhshrutha, fiú le tacaíocht, ar feadh an chuid is mó dá lá scoile nó ar fad an lá scoile go léir, fiú. Ba chóir daltaí atá cláraithe i ranganna speisialta a áireamh i ranganna príomhshrutha a mhéid is féidir, de réir a gcumas.

Bunaítear ranganna speisialta tar éis rannpháirtíochta idir an NCSE, scoileanna, agus teaghlaigh leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, chomh maith le páirtithe leasmhara ábhartha eile lena n-áirítear pátrúin scoile, comhlachtaí bainistíochta, agus an Roinn Oideachais.

Treoirlínte agus Foirmeacha Iarratais

Cliceáil anseo le haghaidh treoirlínte agus foirmeacha iarratais le haghaidh Scoileanna Príomhshrutha a bhfuil Ranganna Speisialta acu.

Liostaí de Ranganna Speisialta

Ar an leathanach seo tá liosta de na Ranganna Speisialta i Scoileanna Príomhshrutha don bhliain 2021 agus do bhlianta roimhe sin.

Ranganna Speisialta a Bhunú agus a Eagrú

Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil ar Ranganna Speisialta a bhunú agus a Eagrú.

Do Thuismitheoirí

Cuireann ranganna speisialta i scoileanna príomhshrutha timpeallacht thacúil foghlama ar fáil do dhaltaí a bhfuil riachtanais níos casta acu áit nach mbeadh, nó nach raibh, ranganna príomhshrutha in ann freastal ar a gcuid riachtanas.

Chun é/í a chur i rang speisialta ní mór go mbeadh tuairisc ghairmiúil ag páiste ag rá go bhfuil riachtanas speisialta oideachais aige/aici agus go bhfuil an riachtanas seo chomh casta sin go bhféadfaí socrúchán ranga speisialta a chur san áireamh.

Tá cóimheas níos ísle idir mic léinn agus múinteoirí ag ranganna speisialta de réir chatagóir an mhíchumais. Ciallaíonn sé seo go mbíonn líon beag scoláirí sna ranganna, mar shampla, beidh múinteoir amháin in aghaidh gach ochtar ag rang speisialta do pháistí le míchumais foghlama ghinearálta measartha.

Is socrú solúbtha é socrúchán i rang speisialta a d’fhéadfadh athrú de réir mar a thagann forbairt ar fhoghlaim an dalta. Nuair is féidir, ba chóir go gcuirfí oideachas ar dhaltaí i ranganna speisialta taobh le piaraí príomhshrutha ar feadh cuid éigin den lá nó den tseachtain, nó le haghaidh roinnt gníomhaíochtaí nó ábhar, ag teacht lena riachtanais agus lena gcumas. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais (nasc leis an leabhrán ar Leabhrán Faisnéise Leanaí d’Aois Scoile do Thuismitheoirí Leanaí agus Daoine Óga a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu)

Cliceáil anseo le haghaidh liosta de na scoileanna a bhfuil ranganna speisialta acu (Nasc le liosta na ranganna speisialta). Chun tuilleadh eolais a fháil ar scoileanna ina bhfuil ranganna speisialta do do leanbh is féidir leat teagmháil a dhéanamh le do SENO (nasc liosta teagmhála)

Liostaí de Ranganna Speisialta

Ar an leathanach seo tá liosta de na Ranganna Speisialta i Scoileanna Príomhshrutha don bhliain 2021 agus do bhlianta roimhe sin.