Earcaíocht

Folúntais reatha

Nóta: Cuirfear gach folúntas reatha ar ár bhfotha Twitter @ncseirl.
Fógraímid folúntais freisin ar www.PublicJobs.ie.

Earcú ar CNOS don phost mar Eagraí Riachtanas Speisialta Oideachais (ERSO)

Is comhlacht reachtúil neamhspleách í an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) a bunaíodh chun feabhas a chur ar sheachadadh seirbhísí oideachais do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu de bharr míchumais le béim ar leith ar leanaí agus ar dhaoine óga.

Tá an CNOS ag earcú anois don phost mar Eagraí Riachtanas Speisialta Oideachais (ERSO)

· Baile Átha Cliath

· Cill Mhantáin

· Corcaigh

· Gaillimh

Bunófar painéil óna líonfar folúntais reatha agus amach anseo.

Tá leathnú eagraíochtúil suntasach á dhéanamh ag an CNOS faoi láthair a fheabhsóidh seachadadh seirbhísí. Tá straitéis seachadta seirbhíse forbartha aige bunaithe ar thrí bhunluach: pobal, ionchuimsiú agus sármhaitheas. I ról Eagraí Riachtanas Speisialta Oideachais, comhoibreoidh tú le grúpa ilghnéitheach páirtithe leasmhara, lena n-áirítear oideachasóirí, tuismitheoirí agus lucht déanta beartas, chun athrú dearfach a bhrú chun cinn san earnáil oideachais. Ciallaíonn sé seo gur féidir leat fíorthionchar do chuid oibre ar shaol na mac léinn a fheiceáil, rud atá thar a bheith sásúil.

Mar fhostaí CNOS, beidh go leor deiseanna agat chun dul chun cinn gairme a dhéanamh, tugann an CNOS tús áite d’fhorbairt fostaithe, trí thimpeallacht oibre thacúil, deiseanna forbartha gairmiúla agus pacáistí cúitimh iomaíocha a sholáthar. Cuirimid go leor deiseanna ar fáil duit chun do scileanna agus eolas a fheabhsú, rud a théann chun tairbhe ní hamháin d’fhostaithe ach a chabhraíonn leis an eagraíocht freisin.

 

Ar an bhfoirm iarratais is féidir le hiarrthóirí suas le trí chontae ar a mhéad a roghnú agus níor cheart dóibh ach contaetha a roghnú ina mbeidís sásta oibriú dá dtairgfí ceapachán dóibh.

Is é an data deiridh chun iarratais chomhlánaithe a fháil ná 3in, 16ú Bealtaine 2024.

Féach ar an nasc seo a leanas le haghaidh tuilleadh sonraí.