Tá tús curtha go hiomlán leis an Acht um Thús Áite do Leanaí (2015). Tugann sé seo freagrachtaí nua agus breise ar eagraíochtaí agus ar bhaill foirne maidir le cúrsaí cosanta agus leasa leanaí. Tá a nósanna imeachta maidir le himní a thuairisciú nuashonraithe ag an NCSE chun na ceanglais seo a chomhlíonadh agus tá treoir fhaisnéise ullmhaithe aige freisin le dul leis na nósanna imeachta. Tá an dá dhoiciméad seo, chomh maith le foirm tuairiscithe Tusla, le fáil thíos.
Nósanna Imeachta chun Imní faoi Chosaint agus Leas Leanaí
a Thuairisciú Treoir Faisnéise chun Déileáil le hImní faoi Chosaint agus Leas Leanaí
Ceanglaítear ar eagraíochtaí Ráiteas um Chosaint Leanaí a fhoilsiú. Is féidir ráiteas an NCSE a fháil anseo.
Tús Áite do Leanaí – Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí, 2017
Treoir chun Imní um Chosaint agus Leas Leanaí a Thuairisciú, 2017
An tAcht um Thús Áite do Leanaí (2015)
Nósanna Imeachta DES um Chaomhnú Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-bhunscoileanna 2017