Is féidir le múinteoirí iarratas a dhéanamh chuig an NCSE ar mhaoiniú chun freastal ar chúrsaí formheasta forbartha gairmiúla múinteoirí. Tá éagsúlacht cúrsaí ar fáil, lena n-áirítear cúrsaí atá dírithe ar chórais chumarsáide, Braille, teanga chomharthaíochta, oiliúint don fhoireann iomlán, agus cúrsaí iarchéime le cúlra Riachtanais Speisialta Oideachais. Déanfar cúrsaí ábhartha eile a mheasann príomhoidí a bheith fiúntach a mheas freisin faoi réir ag srianta buiséid agus formheasta.
Chun iarratas a chur isteach ar Mhaoiniú TPL, íoslódáil an t-iarratas ar mhaoiniú TPL thíos le do thoil. Nuair a bheidh sé críochnaithe, seol d’iarratas ar aghaidh chuig supportfunding@ncse.ie.