Teagasc agus Foghlaim Chianda – Tacaíocht do Mhúinteoirí – Eanáir 2021

Má theastaíonn aon chomhairle uait chun cuidiú leat i ndáil leis an gcianfhoghlaim, cuir glaoch ar ár líne ghutháin ag 01 603 3233 (9am-5pm, Luan go hAoine). Is féidir leat labhairt go díreach le duine dár gcomhairleoirí um riachtanais speisialta oideachais chun leideanna agus straitéisí a fháil i ndáil leis an teagasc ar líne.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn freisin chun tacaíocht ar líne a fháil ar an teileafón, le ríomhphost nó físghlaoch nó chun clárú dár seimineáir ar líne do mhúinteoirí.

Tá raon leathan d’acmhainní ar líne againn do mhúinteoirí chomh maith agus sraith físeán, thíos, ina bhfuil comhairle ar fáil ar an mbealach is fearr chun tacú le foghlaim do dhaltaí sa bhaile.

Má tá dalta agat atá dall / lagamhairc nó bodhar / faoi allaire agus a bhfuil tacaíocht ar fáil acu faoi láthair ónár múinteoirí cuartaíochta, tá siad ar fáil chun tacaíocht a thabhairt freisin.

SENO do scoile ar fáil freisin chun comhairle agus tacaíocht a thabhairt duit.

Tacaíocht do Mhúinteoirí, Teagasc agus Foghlaim Chianda

Físeán 1 – Teagasc Cianda do Dhaltaí a bhfuil Riachtanais Bhreise Acu

Físeán 2 – Meabhairmhapaí a úsáid chun cumas foghlama na ndaltaí a fheabhsú

Físeán 3 – Daltaí a bhfuil uathachas orthu a spreagadh tríd an gcianfhoghlaim

Físeán 4 – An Straitéis Ar dTús-Ansin: Rudaí a Chur i gCrích

Físeán 5 – Am Ciorcail chun tacú leis an gCianfhoghlaim

Físeán 6 – Ag tacú le stór focal a fhorbairt – Bíodh Spraoi Agat le Focail

Físeán 7 – Scileanna Saoil a Mhúineadh

Físeán 8 – Cuspóirí Tagartha

Físeán 9 – Scileanna Staidéir

Físeán 10 – Cláir Rogha a Úsáid chun tacú leis an bhfoghlaim