Tá an chuid seo den suíomh Gréasáin deartha go sonrach chun freastal ar riachtanais eolais na dtuismitheoirí. Feidhmeoidh an t-eolas ar an suíomh Gréasáin mar acmhainn úsáideach do thuismitheoirí chun iad a chur ar a suaimhneas go ndéanfar freastal ar leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Cuireann an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta tacaíocht ar fáil do thuismitheoirí trína líonra Eagraithe um Riachtanais Speisialta Oideachais (SENO) laistigh de limistéir thíreolaíocha ainmnithe. Chun tuilleadh a fháil amach faoi fheidhmeanna an NCSE cliceáil anseo le do thoil. Tá freagracht ar gach SENO as scoileanna ar leith, bunscoileanna, iar-bhunscoileanna agus scoileanna speisialta, laistigh dá gceantar. Go ginearálta, cinntíonn ról an SENO go bhfaigheann leanbh a bhfuil riachtanais speisialta oideachais aige/aici na tacaíochtaí atá ina dteideal.
Agus iad ag déileáil le tuismitheoirí leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, coinneoidh SENO tuismitheoirí ar an eolas faoi na cinntí acmhainne atá á ndéanamh ar son a linbh. Pléifidh an SENO freisin aon imní atá ar thuismitheoirí faoi riachtanais oideachais a linbh faoi láthair nó amach anseo. Aithníonn SENOanna gurb iad na tuismitheoirí/caomhnóirí na príomhpháirtithe leasmhara maidir leis an leanbh agus go bhfuil siad tiomanta do dhea-chaidreamh a chruthú le tuismitheoirí agus le grúpaí tuismitheoirí. Bíonn an SENO ar fáil do thuismitheoirí chun aon cheisteanna atá acu a phlé agus chun tacaíocht agus saineolas a thairiscint.
Tá SENO ar fáil freisin chun cur i láthair a thabhairt do ghrúpaí tuismitheoirí, grúpaí abhcóideachta srl. Le roinnt blianta anuas, cuireadh roinnt tionscnamh ar bhonn píolótach d’fhonn a aithint conas a d’fhéadfaí próiseas struchtúrtha eolais a fhorbairt e.g. cruinnithe le tuismitheoirí atá ag clárú a bpáistí i mbunscoileanna nó in iar-bhunscoileanna, nó le tuismitheoirí atá ag iarraidh rang speisialta nó teagasc baile a bhunú dá bpáistí.
Chun ainm an SENO agus a sonraí teagmhála i do cheantar a fháil amach cliceáil anseo le do thoil.