Tar éis tréimhse comhairliúcháin fhairsing, d’oibrigh an Roinn Oideachais agus an NCSE le chéile chun a chinntiú go gcomhlíonann an chomhpháirt oideachais de phróiseas MR Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ár n-oibleagáidí dlíthiúla agus go bhfuil sé fréamhaithe i gcleachtais reatha i scoileanna.

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil lenár gcomhpháirtithe oideachais, agus go háirithe na scoileanna, a ghlac páirt sa triail leathnaithe. Chuir a gcuid moltaí go mór le forbairt na dtreoirlínte próisis athbhreithnithe, foirmeacha nua agus doiciméad Ceisteanna Coitianta, agus is féidir teacht orthu go léir ón leathanach um measúnú riachtanas ar ár suíomh Gréasáin.

Féach ar ‘Nuashonrú ar an bPróiseas um Measúnú Riachtanas (MR)

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *